Ceann do Barr 50 Gnó sa Tír le Gaeilge 2010 www.tourmakeady.com
Ceann do Barr 50 Gnó sa Tír le Gaeilge 2010
Tá ‘Teach Mháire Luke’ suite i gceantar álainn faoin tuath i dTuar Mhic Éadaigh, Contae Mhaige Eo. Na blianta ó shin, teach ceann tuí a bhí ann agus clú air mar shíbín.
Is iad Frank agus Barbara Filbín úinéirí Theach Mháire Luke, Thóg siad foirgneamh nua sa bhliain 1999 in a bhfuil dhá bhéar, seomra cuideachta, bialann agus naoi seomra loistín. Tá an t-óstan suite ar ardán os cionn Loch Measca, atá breachta le hoileáin.
Faigheann an Ghaeilge, tús áite anseo fós. Labhraíonn Barbara, Frank agus a gceathrar clainne Gaeilge i gcónaí. Arsa Barbara: Is breá linn an Gaeilge a úsáid lenar gcustaiméirí chuile uair is féidir linn. Tugaimid faoi deara gur maithe le custaiméirí/cuairteoir éisteacht leis an teanga á labhairt agus a cuireann siad cluas éisteachta orthu féin nuair a chloiseann siad í.
“Cothaíonn muid dúil sa damhsa agus sa cheol freisin, Eagraíonn muid seisiún ceoil agus amhránaíocht gach re Domhnach ar feadh na bliana agus gach Domhnach i rith shéasúr an tsamhraidh, Fáiltíonn muid roimh óg agus aosta lena ngléasanna ceoil agus cumas amhránaíochta-pé aird den domhan as a thagann siad, thig leo páirt a ghlacadh.” Chun spiorad na Gaeilge a choinneáil san áit, tugtar cuireadh do bhannaí ceoil ó Chonamara amhail Beartla ó Dónaill agus Ceann Golaim, chun ceol agus amhráin as Gaeilge a chur ar fáil do na damhsaí deire seachtaine. Téann said seo go mór i bhfeidhm ar chuairteoirí.